Conradh na Gaeilge Aotearoa (@cnagaotearoa) 's Twitter Profile
Conradh na Gaeilge Aotearoa

@cnagaotearoa

Gaolainn sa Nua-Shéalainn!
Craobh de CnaG e sa Nua-Shéalainn. Ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn in Aotearoa. Déan teagmháil anseo nó ag [email protected]

ID: 1437913861202399232

calendar_today14-09-2021 22:59:25

1,1K Tweet

654 Followers

546 Following

Lorna (@moukenainzo) 's Twitter Profile Photo

Chonaic mé an scannán 'Tarrac' inniu, mar chuid d'Fhéile Scannán na Breataine & na hÉireann. Tá an t-ádh linn i mbliana le dhá scannán Gaeilge anseo! Bhí mé ag caoineadh ag an deireadh. Radhairc áille ar Chiarraí. Thaitin sé go mór liom.🚣‍♀️ #TrasnaNadTonnta #GaeilgeGachLá

Seachtain na Gaeilge le Energia (@snagaeilge) 's Twitter Profile Photo

Seachtain den chéad scoth a bhí againn! #TrasnaNadTonnta 🌍🌊 Ba chóir go mbeadh gach uile duine a ghlac páirt san fheachtas chomh bródúil asaibh féin! 💙✨ Beatha teanga í a labhairt agus bhí neart comhrá ar siúl agaibh timpeall an domhain uilig! 👏🎆

Seachtain den chéad scoth a bhí againn! #TrasnaNadTonnta 🌍🌊

Ba chóir go mbeadh gach uile duine a ghlac páirt san fheachtas chomh bródúil asaibh féin! 💙✨

Beatha teanga í a labhairt agus bhí neart comhrá ar siúl agaibh timpeall an domhain uilig! 👏🎆
Diarmaid Coffey (@tfaddy) 's Twitter Profile Photo

Alt i mBéarla faoi litríocht aeráide i mBéarla...n'fheadar an bhfuil a leithéid ann i nGaeilge?? Filíocht, ficsean, ealaín srl? irishtimes.com/culture/books/…

Lorna (@moukenainzo) 's Twitter Profile Photo

Rang litríochta ar maidin, tá muid beagnach críochnaithe le Nora Mharcais Bhig. Scéal iontach! Cleachtaí gramadaí: tá mé ag streachailt leis an gclaoninsint faoi láthair. Ansin ciorcal comhrá le Conradh na Gaeilge Aotearoa anocht. Ag gearán faoi rialtas na Nua-Shéalainne arís! #GaeilgeGachLá

Tuairisc (@tuairiscnuacht) 's Twitter Profile Photo

Feachtas leanúnach ar siúl ag rialtas na Nua-Shéalainne i gcoinne an phobail Māori agus a dteanga via Tuairisc tuairisc.ie/feachtas-leanu…

Feachtas leanúnach ar siúl ag rialtas na Nua-Shéalainne i gcoinne an phobail Māori agus a dteanga via <a href="/tuairiscnuacht/">Tuairisc</a> tuairisc.ie/feachtas-leanu…
Lorna (@moukenainzo) 's Twitter Profile Photo

Chríochnaigh muid 'An Lasair Choille' sa rang Conradh na Gaeilge LA inniu. Bhí an-spraoi againn páirteanna a ghlacadh sa dráma! Anocht bhí comhrá bríomhar ag an ngrúpa Conradh na Gaeilge Aotearoa faoin olltoghchán in Éirinn. Tá mé fíorbhuíoch as an obair a dhéanann na craobhacha Conradh na Gaeilge ⭕️ thar lear.

Lisa Nic An Bhreithimh🇵🇸🏳️‍🌈🇮🇪🏳️‍⚧️ she/her (@lisanicanb) 's Twitter Profile Photo

🎙📻 Anocht ar #FadaisFairsing ar Raidió na Life ó 7.30in, beidh Michael Ó Conchúir ó Conradh na Gaeilge Aotearoa sa Nua Shéalainn linn le labhairt faoin bPop Up Gaeltacht a bhí acu an tseachtain seo caite agus go leor eile!🇳🇿👇

Lorna (@moukenainzo) 's Twitter Profile Photo

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh, a chairde. Is mór agam bhur gcomhluadar agus tacaíocht le linn na bliana. Seo crann Nollag na Nua-Shéalainne. ⛱️🌞🎄🎁

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh, a chairde. Is mór agam bhur gcomhluadar agus tacaíocht le linn na bliana.
Seo crann Nollag na Nua-Shéalainne. ⛱️🌞🎄🎁
Lorna (@moukenainzo) 's Twitter Profile Photo

Dea-scéala inniu, a chairde, glacadh liom ar an gcúrsa MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe i Meán Fómhair. (Ní mór dom an tArd-Dioplóma a bhaint amach roimh ré ar ndóigh). #100daysofGaeilge

Conradh na Gaeilge Aotearoa (@cnagaotearoa) 's Twitter Profile Photo

Seans go mbeidh spéis ag ár mbaill sa chaint seo- faoi théarmaíocht aiteach, na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann léi. Beidh an chaint i mBéarla ar an 14ú Feabhra (maidin Dé hAoine) anseo eaft-aet.net/en/actualitat/…

Lorna (@moukenainzo) 's Twitter Profile Photo

Bhí rang litríochta agam ar maidin ar líne, le Conradh na Gaeilge LA, agus ciorcal comhrá anocht le Conradh na Gaeilge Aotearoa. Bhí mé in ann blúirí gramadaí a mhíniú do dhaoine inniu, rud a thaitin liom. #100daysofGaeilge

Lorna (@moukenainzo) 's Twitter Profile Photo

Bhain mé an-sult as Paráid Lá Fhéile Pádraig in Wellington inniu agus bhí mé iontach bródúil as bratach Dhún na nGall a iompar. ~ I really enjoyed the St Patrick's Day parade in Wellington today and was proud to carry the Donegal flag 💚💛 #100daysofGaeilge #SnaG25

Bhain mé an-sult as Paráid Lá Fhéile Pádraig in Wellington inniu agus bhí mé iontach bródúil as bratach Dhún na nGall a iompar.
~
I really enjoyed the St Patrick's Day  parade in Wellington today and was proud to carry the Donegal flag 💚💛
#100daysofGaeilge #SnaG25
Lorna (@moukenainzo) 's Twitter Profile Photo

Bhí an rang deireanach den Ard-Dioplóma An tAcadamh, Ollscoil na Gaillimhe ar siúl inniu. Thaitin an cúrsa go mór liom, go háirithe na ranganna Gaeilge. Bhain mé an-tairbhe astu. Bhí amhras orm ar dtús, an mbeinn in ann gach rud a dhéanamh trí Ghaeilge, ach cinneadh maith a bhí ann. #100daysofGaeilge

Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil (@larionad) 's Twitter Profile Photo

An teagascóir Gaeilge tú? 👩‍🏫An bhfuil smaointe nua ag teastáil uait chun cur le scileanna cumarsáide na bhfoghlaimeoirí, nó an úsáid is fearr a bhaint as an teicneolaíocht? Tá cabhair ar fáil! Bí linn ar an Teastas i Múineadh na Gaeilge Tuilleadh eolais: