Gaelcholáiste (@gcanchlair) 's Twitter Profile
Gaelcholáiste

@gcanchlair

Meánscoil lán-Ghaeilge in Inis, Contae an Chláir. Irish-medium co-ed secondary school in Ennis, Co Clare.

ID: 3496565480

linkhttp://gaelcholaisteanchlair.com calendar_today08-09-2015 20:15:01

1,1K Tweet

554 Followers

215 Following

Gaelcholáiste (@gcanchlair) 's Twitter Profile Photo

Tógadh grianghraf Rang na Séú Bliana inniu! Beidh a searmanas céime ar siúl ar an 22 Bealtaine! Guímid gach rath orthu sna scrúduithe atá le teacht. The Clare Champion The Clare Herald The Clare Echo

Tógadh grianghraf Rang na Séú Bliana inniu! Beidh a searmanas céime ar siúl ar an 22 Bealtaine! Guímid gach rath orthu sna scrúduithe atá le teacht. 
<a href="/ClareChampion/">The Clare Champion</a> <a href="/theclareherald/">The Clare Herald</a> <a href="/ClareEcho/">The Clare Echo</a>
Gaelcholáiste (@gcanchlair) 's Twitter Profile Photo

Beidh Mark Coleman ó Chomhar Creidmheasa Naomh Proinsias ag labhairt le mic léinn na hIdirbhliana inniu faoi bhainistíocht an airgid, fé chúrsaí idirlín maidir le h-airgead, na contúirtí a bhaineann le miuilíiocht airgid, cearrbhachas, & comhairle airgeadais ghinearálta.

Beidh Mark Coleman ó Chomhar Creidmheasa Naomh Proinsias ag labhairt le mic léinn na hIdirbhliana inniu faoi bhainistíocht an airgid, fé chúrsaí idirlín maidir le h-airgead, na contúirtí a bhaineann le miuilíiocht airgid, cearrbhachas, &amp; comhairle airgeadais ghinearálta.
Gaelcholáiste (@gcanchlair) 's Twitter Profile Photo

Buíochas le Cóitseálaí Leadóg Bhoird na hÉireann, Conn Higgins, a thabharfaidh cuairt ar an scoil inniu chun labhairt le daltaí faoin sport. @tabletennisireland

Comhghairdeachas lena scoláirí ó Ghaelcholáiste an Chláir a bhain amach an Gaelbhratach. Coiste Gaelbhratach Choláiste Pobail na hInse/ Gaelcholáiste an Chláir ag glacadh leis an Gaelbhratach a bhronn Oifigeach Ghael-Linn, Siobhán Ní Mhurchú, orthu Dé Luain seo caite thíos.

Inniu an Lá Spóirt! Glacfaidh na mic léinn go léir páirt in imeachtaí spóirt éagsúla eagraithe ag Roinn Spóirt na scoile.! Go raibh lá iontach spraoiúil acu go léir!

Iar-dhalta de Ghaelcholáiste an Chláir agus rothaí gairmiúil rásaíochta, labhróidh Imogen Cotter lenár scoláirí Idirbhliana agus an Cúigiú Bliain inniu faoi Shábháilteacht ar na Bóithre mar chuid de Fheachtas Sábháilteachta ar na Bóithre an RSA.

Buíochas leis an iar-scoláire Imogen Cotter as caint a thabhairt ar Shábháilteacht ar Bhóithre, mar chuid de Fheachtas Sábháilteachta ar Bhóithre an RSA dár ndaltaí Idirbhliana agus Cúigiú Bliana inniu. #roadsafety

Comhgháirdeachas lenár scoláirí ón Dara Bhliain a bhuaigh Gradam an Ranga sa Chomórtas Gaeilge an tseachtain seo caite. Bhuaigh triúr ón gChéad Bhliain agus triúr ón gCúigiú Bhliain gradaim chomh maith. Beidh siad go léir ag taisteal go hInis Oirr inniu mar dhuais. #gaeilge

Bhí lá iontach ag na daltaí a bhuaigh an comórtas Gaeilge an tseachtain seo caite agus a chuaigh ar thuras go hInis Oirr inniu. Bhí ranganna acu i gColáiste Ghobnait, thug siad camchuairt ar an oileán agus chuaigh siad go dtí an trá.

Rachaidh cuid de na mic léinn go dtí Glór inniu chun féachaint ar scannán Francach dar teideal ‘Neneh Superstar’. Buíochas leis an Roinn Fraincise as é a eagrú.

Inniu an lá deireanach ar scoil do na daltaí Idirbhliana. Déanfaidh na daltaí ceiliúradh ar dheireadh a gcláir le bricfeasta i gCafé Aroma. Buíochas le hIníon Mhic Conmara as é a eagrú.

Comhgháirdeachas le Lily Paghan agus Roxanne Andre Ní Liodáin a rinne ionadaíocht thar ceann na scoile ag seoladh an chéad Choiste Óige CLG an Chláir i gcomhar le Clár Cheannairí an Todhchaí CLG. Bhuail na daltaí le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns.Clare Gaa

Comhgháirdeachas le Lily Paghan agus Roxanne Andre Ní Liodáin a rinne ionadaíocht thar ceann na scoile ag seoladh an chéad Choiste Óige CLG an Chláir i gcomhar le Clár Cheannairí an Todhchaí CLG. Bhuail na daltaí le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns.<a href="/GaaClare/">Clare Gaa</a>
Gaelcholáiste (@gcanchlair) 's Twitter Profile Photo

Ádh mór ar fhoireann peile na Chéad Bliana ina mBlitz i gColáiste Naomh Flannán inniu. Buíochas lena dtraenálaí, an tUasal Mac an Iomaire Beidh an Searmanas Céime do dhaltaí na Séú Bliana ar siúl tráthnóna inniu ar a 2 a chlog sa scoil. Guímid gach rath agus todhchaí gheal orthu

Ádh mór ar fhoireann peile na Chéad Bliana ina mBlitz i gColáiste Naomh Flannán inniu. Buíochas lena dtraenálaí, an tUasal Mac an Iomaire

Beidh an Searmanas Céime do dhaltaí na Séú Bliana ar siúl tráthnóna inniu ar a 2 a chlog sa scoil. Guímid gach rath agus todhchaí gheal orthu
Gaelcholáiste (@gcanchlair) 's Twitter Profile Photo

Go n-éirí le daltaí na chéad, na dara, agus na cúigiú bliana, agus iad ag cur tús le Measúnuithe an tSamhraidh inniu.

Inniu, tá deireadh le Measúnuithe an tSamhraidh dár ndaltaí sa chéad bhliain, sa dara bliain agus an chúigiú bliain. Guímid sos samhraidh sona sábháilte orthu go léir. Fágaimid sibh inniu le portráid a tharraing an múinteoir ealaíne, Ms McDermott,

Limerick & Clare Education & Training Board Go n-éirí leis na daltaí go léir atá ag tabhairt faoi scrúdaithe na Sraithe Sóisearaí agus Sinsearaí inniu.

Limerick &amp; Clare Education &amp; Training Board
Go n-éirí leis na daltaí go léir atá ag tabhairt faoi scrúdaithe na Sraithe Sóisearaí agus Sinsearaí inniu.