
G Ní Thuairisg
@gormfhlaith
Clár Reachtaire, RTE Raidió na Gaeltachta. Tuairimí pearsanta. Ní gá go léiríonn AT aontú.
ID: 859624214
03-10-2012 12:36:47
5,5K Tweet
2,2K Followers
1,1K Following


Ag súil labhairt le Aisling Brady 🇺🇦 iriseoir óg a thug cuairt ar an iliomad stát, ag fiosrú na fáthanna ar thacaigh daoine le Donald J. Trump nó Kamala Harris - & Niall Ó MUILLEOIR, nach bhfuil a shárú le fáil i mbun anailíse ar pholaitíocht SAM- bígí linn Adhmhaidin Raidió na Gaeltachta .!


Ag súil go mór le díospóireacht iarrthóirí Ghaillimh Thiar Iris Aniar- beidh Seán Kyne ó Fine Gael, Gráinne Seoige & @CllrJConnolly ó Fianna Fáil, Mairéad Farrell TD ó Shinn Féin & na hiarrthóirí neamhspleácha, Connolly for President & Pádraig Ó Fínneadha linn ag 9.15 Raidió na Gaeltachta!


Tá sé ráite ag Seán Ó Fearghaíl TD ar @adhmhaidin go bhfuair sé dhá ghlaoch ó @Micheál Martin ag rá go raibh sé ag iarraidh gurb í Verona Murphy #voteverona a bheadh mar Cheann Comhairle ar an 34ú Dáil - ach deir an t-iar Cheann Comhairle go mbeidh sé fós ag cur a ainm chun cinn.



An leagan Gaeilge de theachtaireacht comhbhróin President of Ireland faoi bhás Ghearóid Uí Chairealláin - iarrta ag Máirtín Ó Muilleoir in agallamh le G Ní Thuairisg ar Áras an Uachtaráin an leagan Gaeilge atá eisithe a cheartú chomh luath & is féidir Raidió na Gaeltachta


An ráiteas leasaithe ar shuíomh President of Ireland faoi bhás Ghearóid Uí Chairealláin, duine de mhórlaochra na Gaeilge lenár linn Máirtín Ó Muilleoir Raidió Fáilte An Chultúrlann Conradh na Gaeilge ⭕️


Ba chóir go mbeadh náire ar University College Dublin maidir leis an “iarracht” seo. Tá na mílte san Ollscoil, idir mhic léinn agus léachtóirí, a dhéanfadh jab níos fearr. Tá níos fearr tuillte againn. #gaeilge #aistriúcháinis Conradh na Gaeilge ⭕️ Coimisinéir Teanga


Beidh Róisín Ní Chinnéide 🇵🇸 ó Conradh na Gaeilge ⭕️ linn anois Adhmhaidin Raidió na Gaeltachta faoi gniomh.ie, feachtas le dul i gcion ar pháirtithe & teachtaí nua an chomhrialtais i dtaobh polasaithe Gaeilge..céard atá I gceist? Bí ag éisteacht!

Bhí Cuan Ó Seireadáin ag comhdháil Green Party Ireland ag caint le Malcolm Noonan Stiofán Nutty , Sen. Róisín Garvey& Macdara Ó Raghallaigh faoin mbealach a dhèanfar an páirtí a aththógáil arís - iad dóchasach go maith, is cosúil Adhmhaidin Raidió na Gaeltachta

Ag tiomáint go Muineachán chun oibriú agus ag éisteacht le Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta #100daysofGaeilge


Deir Cllr Frank Fahy gur beag seans go ndíolfadh Galway City Council Pálás Cinema mar nach bhfaighfeadh siad ar ais an t-airgead a íocadh air -déanfar iarracht é a choinneáil mar phictiúrlann, a dúirt sé ar Adhmhaidin Raidió na Gaeltachta


Amárach- trioblóidí The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon & a thionchar ar ealaíontóirí..beidh Toner Quinn ón The Journal of Music linn Freisin, óráid JD Vance & imní san Eoraip, fliú na n-éan, oifigigh ealaíona An tOireachtas, gradaim eile KNEECAP -& tuilleadh! 8-9 le G Ní Thuairisg Raidió na Gaeltachta

Tá sé seo ina shuí breá moch taobh amuigh d'oifig Adhmhaidin ag fanacht le clár na maidne - Eoghan Corry faoi Heathrow, John Downing, Sinéad Mercier , cinneadh President Donald J. Trump deireadh a chur leis an Roinn Oideachais -& mír speisialta ó Irish Embassy Lusaka - bí linn Raidió na Gaeltachta 8-9!



🐣Buairtín 🐥 le Brighid Ní Loingsidh á phlé ag an eagarthóir Muireann Ní Mhóráin le G Ní Thuairisg ar Adhmhaidin 📚Gaelainn Uíbh Ráthaigh ó 1953 🎙Éist siar rte.ie/radio/rnag/cli…