Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile
Nuacht an Deiscirt

@nuachtbng

RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Nuacht an Deiscirt Baile na nGall, seacht lá na seachtaine ona 8 -18.30. News from Munster Gaeltacht areas, broadcasting in Irish.

ID: 2525539315

calendar_today26-05-2014 17:47:43

9,9K Tweet

3,3K Followers

3,3K Following

Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

Ag cruinniú de Cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne agus Oileán Ciarraí inné, glacadh le rún ós na comhairleoirí Roibeard Ó Brosnacháin agus Breandán Mac Gearailt, go bhféachfaí in athuair ar cheisteanna earcaíochta in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne.

Deir Comhairle Contae Chiarraí go bhféadfaí foinsí maoinithe a lorg chun páirceáil a fhorbairt ar Mhám Clasach, dá mbeadh úinéirí talún sásta talamh a chur ar fáil dona leithéid. Bhí rún ar an ábhar ag cruinniú an lae inné ag na comhairleoirí R Ó Brosnacháin agus B Mac Gearailt.

Caitheadh le paisinéirí ar nós na mbeithíoch aréir ar an dtraein ó Mhala go Trá Lí, a deir an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú. Bhí an traein plódaithe agus mí-oiriúnach, a dúradh léi, agus bhí scata painsinéirí ‘na seasamh don dturas ar fad go Trá Lí.

Tá an obair geall le críochnaithe ar an bpáirc nua Uile Aimsire atá á tógaint ag an ngrúpa Fiontar Pobail sa Rinn, agus tá dáta fógartha anois acu don oscailt oifigiúil a dhéanfar ar Dhomhnach Cincíse, an t-ochtú lá de mhí an Mheithimh.

Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

Tá an cuardach ar talamh tosnaithe arís inniu don bhfeirmeoir Mike Gaine, atá ar iarraidh le breis agus seachtain. Tá Cumann Tarrthála Sléibhe Chiarraí agus Cumann na Madraí Cuardaigh ⁊ Tarrthála ag cabhrú chun tailte a chuardach idir an Charraig Thoir agus Céim an Daimh.

Tá an cuardach ar talamh tosnaithe arís inniu don bhfeirmeoir Mike Gaine, atá ar iarraidh le breis agus seachtain.

Tá Cumann Tarrthála Sléibhe Chiarraí agus Cumann na Madraí Cuardaigh ⁊ Tarrthála ag cabhrú chun tailte a chuardach idir an Charraig Thoir agus Céim an Daimh.
Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

Deir an tAire Stáit Michael Healy-Rae go bhfuil se ag iarraidh ar Oifig na nOibreacha Poiblí a thuilleadh cuairteoirí a ligean ar Sceilg Mhichíl ar laethanta breátha, mar chúiteamh dos na laethanta go mbíonn turasanna curtha ar ceal de dheasca droch-aimsire.

Maraíodh buachaill tráthnóna aréir nuair a bhuail tarracóir é agus é ag siúl ag Droichead Scairbh a' Chuilinn i Lios a Phúca. Tá na gardaí ag iarraidh ar éinne a mbeadh aon fhianaise i dtaobh na heachtra, dul i dteangmháil leo.

Maraíodh buachaill tráthnóna aréir nuair a bhuail tarracóir é agus é ag siúl ag Droichead Scairbh a' Chuilinn i Lios a Phúca.

Tá na gardaí ag iarraidh ar éinne a mbeadh aon fhianaise i dtaobh na heachtra, dul i dteangmháil leo.
Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

D’fhógair an tAire Sláinte Jennifer Carroll McNeill ar maidin go n-iarrfaidh sí ar Fheidhmeannacht na Seribhíse Sláinte cúram croí 24 uair sa ló, 7 lá na seachtaine a chur ar fáil in Ospidéal na hOllscoile Port Láirge, in ionad na seirbhíse 12 uair a chloig déag atá anois ann.

Beidh an chéad chlár i sraith nua dhá pháirt fé Chontae Chiarraí á chraoladh tráthnóna ar theilifís RTÉ. Kerry: Tides of Time is teideal don tsraith, agus 'sé an t-aisteoir Brendan Gleeson a bheidh le clos ar an gclár agus scéal na Ríochta á aithris aige youtu.be/tDdNl1KtzZ0?si…

Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

Tá cruinniú poiblí gairmthe ag Coiste Pobail Bhéal Átha'n Ghaorthaidh le hiarraidh ar an bpobal, údarás a thabhairt don gcoiste chun dul i mbun gnímh, agus cinniúint Choláiste na Mumhan a shlánú. Beifear ag bailiú ar 4ú Meitheamh, ar a 8 a chlog, os comhair an Choláiste.

Ghlac Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge d’aon ghuth tráthnóna le rún ag éileamh ar Bhanc Ceannais na hÉireann, gach rud ar féidir a dhéanamh chun stop a chur le díolachán bhannaí infheistíochta rialtas Iosrael san Aontas Eorpach.

Tá Corcaíoch i mbun aistir 187 ciliméadar de shiúl na gcos, ó Chathair Chorcaí go dti an Daingean ar son dhá eagraíocht a thugann cúnamh do thuismitheoirí leanaí a chailltear go h-óg. idonate.ie/fundraiser/Wal…

Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

Beidh cruinniú tráthnóna ag ionadaithe tofa poiblí Chorca Dhuibhne le Julie O’Neill, Bainisteoir Chúram Sláinte Comhtháite i gCiarraí le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, maidir leis na leapacha díomhaoine in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne a dh’oscailt.

‘Sé Niall Kelleher ó Chill Áirne, an Máistir Poist nua sa Daingean. Beidh Oifig Poist an Daingin ag dúnadh go luath inniu ar a trí a chlog, chun an t-aistriú a chur i gcrí, agus osclófar arís amárach í fén mbainistíocht nua.

‘Sé Niall Kelleher ó Chill Áirne, an Máistir Poist nua sa Daingean.
Beidh Oifig Poist an Daingin ag dúnadh go luath inniu ar a trí a chlog, chun an t-aistriú a chur i gcrí, agus osclófar arís amárach í fén mbainistíocht nua.
Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

Deir Máistir Poist nua an Daingin, Niall Kelleher, go bhfuil iarrtha aige go dtabharfaí a uimhir fón don bhfoireann oibre a bhí cheana in Oifig Poist an Daingin, agus go gcuirfidh sé fáilte rompu ag dul i dteagmháil leis maidir le postanna san Oifig, atá anois fé stiúr aige féin

Gaeil ar son Gaza (@gaeilarsongaza) 's Twitter Profile Photo

📢 Bígí linn an Aoine seo i nDún Garbhán, 8.30am - 9.15am. 📢 Join us this Friday in Dungarvan to call for an end to g3nocide in Palestine . "If you ever wondered what you'd be doing during the 1945 holocaust, you are doing it right now."

📢 Bígí linn an Aoine seo i nDún Garbhán, 8.30am - 9.15am.
📢 Join us this Friday in Dungarvan to call for an end to g3nocide in Palestine . 
"If you ever wondered what you'd be doing during the 1945 holocaust, you are doing it right now."
Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

Tá foláireamh tugtha tráthnóna ag Uisce Éireann gan an t-uisce ó sholáthar poiblí Mhagh Chromtha a ól, ach é a bheiriú ar dtús. Tá an foláireamh á chur i bhfeidhm a deirid toisc go bhfuil méadú ar an moirtiúlacht san uisce agus go bhfuil deacrachtaí leis an ionad cóireála uisce.

Tá foláireamh tugtha tráthnóna ag Uisce Éireann gan an t-uisce ó sholáthar poiblí Mhagh Chromtha a ól, ach é a bheiriú ar dtús.
Tá an foláireamh á chur i bhfeidhm a deirid toisc go bhfuil méadú ar an moirtiúlacht san uisce agus go bhfuil deacrachtaí leis an ionad cóireála uisce.
Nuacht an Deiscirt (@nuachtbng) 's Twitter Profile Photo

Cuirfear fáilte abhaile roimh fhoireann caithréimeach caide Chontae Chiarraí, le Corn Sam Mhic Uidhir, tráthnóna. Tá súil leis an bhfoireann i dTrá Lí ar 6:15 agus i gCill Áirne ar 8:30, nó mar sin.

Cuirfear fáilte abhaile roimh fhoireann caithréimeach caide Chontae Chiarraí, le Corn Sam Mhic Uidhir, tráthnóna.
Tá súil leis an bhfoireann i dTrá Lí ar 6:15 agus i gCill Áirne ar 8:30, nó mar sin.