Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile
Nuacht RTÉ

@nuachtrte

Beo ar Chainéal Nuachta RTÉ ag 17:00 agus RTÉ 1 ag 17:40. Nuacht an lae le fáil ar aip Nuacht RTÉ.

ID: 119876769

linkhttps://www.rte.ie/news/nuacht/ calendar_today04-03-2010 21:06:32

10,10K Tweet

6,6K Followers

788 Following

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Sé Darragh Byrnes, as an Ráth i dTuaisceart Chontae Chorcaí, an déagóir a bhásaigh i dtimpiste thragóideach i gCorca Dhuibhne i gContae Chiarraí inné.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Deir An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil 45 córas soláthair uisce i mbaol sa Stat, córais a chuireann uisce ar fáil do leathmhilliún duine.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, phléadáil DJ Carey, iar-iománaí cáiliúil Chill Chainnigh ciontach i 10 gcinn de chúiseanna caimiléireachta.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Tá fíneáil breis is €36k gearrtha ag an mBanc Ceannais ar chomhar creidmheasa i gContae Dhún na nGall as sárú a dhéanamh ar riachtanais a chuireann cosc ar sciúradh airgid agus as sárú ar an Acht Comhar Creidmheasa 1997.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Cuireadh fear (28) atá cúisithe i ndúnmharú Sarah Montgomery i nDomhnach Daoi i gContae an Dúin, siar faoi choinneáil.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Tá an Chúirt Achomhairc le cáipéisí a chur faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí a bhain leis an bhfianaise nua a bhí Conor McGregor le cur os comhair cúirte san achomharc atá ar bun aige.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Deir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Donald Trump go bhfuil Iosrael i ndiaidh glacadh le coinníollacha le sos cogaidh 60 lá a chur i bhfeidhm i Gaza.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Tá sé i gceist ag an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail comhlachtaí teicneolaíochta idirnáisiúnta a mhealladh go hÓrán Mór i gContae na Gaillimhe.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Tá pleananna móra ar bun ag Comhairle Chontae Chorcaí le úsáid eile a bhaint as tarbhealach cáiliúil sa gcontae le go mbeidh daoine in ann a dhul ag siúl is ag rothaíocht air mar chuid de Bhealach Glas Iarthar Chorcaí.

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Mórshiúl bliantúil 'Bród na Gaeltachta' i gContae Dhún na nGall inniu. Is é seo an 4ú bliain den fhéile mar a thuairiscíonn Ailbhe Ó Monacháin

Nuacht RTÉ (@nuachtrte) 's Twitter Profile Photo

Cuireadh bean (34) siar faoi choimeád i gcúirt sa Tuaisceart inniu. Tá sí cúisithe i ndúnmharú Martin Patrick Douglas i mBaile Monaidh i gContae Aontroma.