
Roinn na Gaeilge,Coláiste Mhuire gan Smál
@roinnna
Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
Bígí linn do bhunchéim sna Dána agus iarchéimeanna MA agus Phd.
ID: 1236967287724429316
https://www.mic.ul.ie/faculty-of-arts/department/gaeilge 09-03-2020 10:49:53
221 Tweet
356 Followers
207 Following

Cailín iontach í Órla Ní Chróinín agus í mar dhalta ag Scoil Mhuire Béal Átha an Ghaorthaigh. Múinteoirí a tuismitheoirí agus bhuaileadar le chéile Mary Immaculate College (MIC)! #upkerry #corcaighabú


Aithníonn Múscraíoch Múscraíoch eile! Eolas á roinnt ag Páidí Ó Lionáird Coimisinéir Teanga, iar- mhac léinn Mary Immaculate College (MIC) le fear óg iontach Danny Ó Súilleabháin ó Scoil Mhuire Bhéal Átha an Ghaorthaigh.


Pribhléid mhór dom deis cainte a fháil leis an Aire Patrick Donovan Department of Further and Higher Education ar maidin - céimí de chuid Mary Immaculate College (MIC) é an tAire agus fís iontach aige don ardoideachas ag an triú leibhéal. Bhí deis againn labhairt faoi Éigse Michael Hartnett a bheidh ar siúl go luath.


Tá Naima Albacete linn sa chéad bhliain BA anseo agus í ag déanamh staidéir ar Ghaeilge, Fraincis, na Meáin agus Drámaíocht Mary Immaculate College (MIC) Bíonn Naima ag cumadh agus ag seinnt ceoil as Gaeilge agus as Béarla. #HigherOptions


Tá Róisín Ní Ghairbhí, léachtóir i Roinn na Gaeilge,Coláiste Mhuire gan Smál i gColáiste Mhuire Gan Smál ag caint faoi Michael Hartnett agus an Ghaeilge ag Éigse Michael Hartnett.






Go raibh míle maith agaibh, Dean, Finn, James as bhur gcúnamh agus buíochas mór le Eleanor Walsh agus CraftmakerSpace as an deis seo a thabhairt do na mic léinn BA (agus Ciara agus Molly!) taithí a fháil, agus tacú le daoine óga le STEM, Gaeilge Mary Immaculate College (MIC) ComhluadarLuimnigh


Ag súil go mór le seisiún MA anocht le Daithí de Buitléir agus na mic léinn iontacha atá linn Mary Immaculate College (MIC) ar an MA ar líne, MA sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal) ar bís le cloisteáil faoi Fhéile na bhFéidearthachtaí agus móran eile.

Is iontach iad iar-mhic léinn Roinn na Gaeilge, Dámh na nDán Mary Immaculate College (MIC) !

Cosúlachtaí móra, maithe idir an Gaelg agus an Ghaeilge! Taithí taitneamh, tairbheach agam ar Oileán Mhanainn le cúpla lá anuas. An-buíoch d’Oifig Idirnáisiúnta Mary Immaculate College (MIC) as an deis seo! #Gaeilge #Gaelg



Ag súil le bualadh isteach chuig cairde Gaelbhratach Dé Máirt.

💫Lá dár saol💫 Comhghairdeas ó chroí Nóra Ní Bheaglaoich as do PhD ar #CLIL a bhaint amach inniu🥂 Mar phleisiúr a bheith i do theannta le Karen Ní Chlochasaigh Mary Immaculate College (MIC) ar an turas seo i UCC Research UCC School of Education COGG Oideachas


Comhdháil na Bealtaine 2025: Dé hAoine 23 Bealtaine i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Bígí linn! Cláraigh roimh ré le r-phost go dtí [email protected]
