Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile
Ainm.ie

@ainm_ie

Cuntais ar 1,823 duine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560, bunaithe ar an tsraith leabhar, Beathaisnéis. Forbartha ag @gaois_ie @FiontarGaeilge (@DCU)

ID: 472029944

linkhttp://ainm.ie calendar_today23-01-2012 14:37:04

1,1K Tweet

3,3K Followers

487 Following

Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Breandán Ó Doibhlin (1931-2023) Ba as Rúscaigh, Co. Thír Eoghain don sagart, scríbhneoir, aistritheoir agus ollamh seo. Baisteadh 'athair nua-chritic na Gaeilge' air de thoradh na modhanna critice a chuir sé chun cinn. ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…

Beatha na Seachtaine: Breandán Ó Doibhlin (1931-2023)

Ba as Rúscaigh, Co. Thír Eoghain don sagart, scríbhneoir, aistritheoir agus ollamh seo. Baisteadh 'athair nua-chritic na Gaeilge' air de thoradh na modhanna critice a chuir sé chun cinn.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Cairméal Uí Bholguidhir (1934-2023) Thug Cairméal seirbhís dhílis dheonach don Chumann Scoildrámaíochta ar feadh beagnach dhá scór bliain. Thuig sí an tairbhe a bhain le drámaíocht i dtaca le páistí a spreagadh i leith na teanga. ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…

Beatha na Seachtaine: Cairméal Uí Bholguidhir (1934-2023)

Thug Cairméal seirbhís dhílis dheonach don Chumann Scoildrámaíochta ar feadh beagnach dhá scór bliain. Thuig sí an tairbhe a bhain le drámaíocht i dtaca le páistí a spreagadh i leith na teanga.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Mícheál Ó Súilleabháin (1950-2018) Ceoltóir, ollamh agus cumadóir ab ea é a d'fhág lorg láidir ar chúrsaí ceoil in Éirinn. Ba cheannródaí é go háirithe maidir lena stíl seinnte pianó agus a chuid cumadóireachta. ainm.ie/Bio.aspx?ID=51…

Beatha na Seachtaine: Mícheál Ó Súilleabháin (1950-2018)

Ceoltóir, ollamh agus cumadóir ab ea é a d'fhág lorg láidir ar chúrsaí ceoil in Éirinn. Ba cheannródaí é go háirithe maidir lena stíl seinnte pianó agus a chuid cumadóireachta.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=51…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Bríd Ní Chualáin (1965-2021) Chaith Bríd breis agus 30 bliain ag obair le Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara. Craoltóir bisiúil ildánach ilghnéitheach ab ea í a d'fhág oidhreacht ghairmiúil shubstaintiúil ina diaidh. ainm.ie/Bio.aspx?ID=51…

Beatha na Seachtaine: Bríd Ní Chualáin (1965-2021)

Chaith Bríd breis agus 30 bliain ag obair le Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara. Craoltóir bisiúil ildánach ilghnéitheach ab ea í a d'fhág oidhreacht ghairmiúil shubstaintiúil ina diaidh.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=51…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Séamus de Napier (1936-2008) Séamus de Napier (1936–2008): Dlíodóir, staraí agus díograiseoir teanga as Béal Feirste ab ea é. Foilsíodh iliomad aistí is scéalta eile, mar aon le húrscéalta agus saothair scoláireachta staire. ainm.ie/Bio.aspx?ID=51…

Beatha na Seachtaine: Séamus de Napier (1936-2008)

Séamus de Napier (1936–2008): Dlíodóir, staraí agus díograiseoir teanga as Béal Feirste ab ea é. Foilsíodh iliomad aistí is scéalta eile, mar aon le húrscéalta agus saothair scoláireachta staire.
 
ainm.ie/Bio.aspx?ID=51…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Muireann Ní Bhrolcháin (1955–2015) Ba leachtóir spreagúil le Sean-Ghaeilge í a mbíodh mic léinn faoi gheasa aici agus ba bhean chúise í a thug dúshlán an Stáit faoi scrios suíomhanna stairiúla. D'éag sí ar an 14 Aibreán 2015. ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…

Beatha na Seachtaine: Muireann Ní Bhrolcháin (1955–2015)

Ba leachtóir spreagúil le Sean-Ghaeilge í a mbíodh mic léinn faoi gheasa aici agus ba bhean chúise í a thug dúshlán an Stáit faoi scrios suíomhanna stairiúla. D'éag sí ar an 14 Aibreán 2015.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Micheál Ó Gaoithín (1904-1974) Ba é Micheál a scríobh síos Peig (1936), Machnamh seanmhná (1939) agus Beatha Pheig Sayers (1970) óna mháthair. D'éag sé ar an 27 Aibreán 1974. ainm.ie/Bio.aspx?ID=738

Beatha na Seachtaine: Micheál Ó Gaoithín (1904-1974)

Ba é Micheál a scríobh síos Peig (1936), Machnamh seanmhná (1939) agus Beatha Pheig Sayers (1970) óna mháthair. D'éag sé ar an 27 Aibreán 1974.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=738
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Risteard Breatnach (1911-2001) Ba mhinic idir ailt agus nótaí ag an ollamh seo in Éigse ar chúrsaí sanasaíochta, ar an ngramadach agus ar chanúintí na Gaeilge, Ghaeilge na hAlban, srl. D'éag sé ar an 28 Aibreán 2001. ainm.ie/Bio.aspx?ID=15…

Beatha na Seachtaine: Risteard Breatnach (1911-2001)

Ba mhinic idir ailt agus nótaí ag an ollamh seo in Éigse ar chúrsaí sanasaíochta, ar an ngramadach agus ar chanúintí na Gaeilge, Ghaeilge na hAlban, srl. D'éag sé ar an 28 Aibreán 2001.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=15…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Máirtín Ó Corrbuí (1912-2002) Bhuaigh an scríbhneoir bisiúil seo mórchuid duaiseanna i gcomórtais liteartha an Oireachtais - ba é Mainchín Seoighe a mhol dó cur isteach ar na comórtais. D'éag sé ar an 8 Bealtaine 2002. ainm.ie/Bio.aspx?ID=16…

Beatha na Seachtaine: Máirtín Ó Corrbuí (1912-2002)

Bhuaigh an scríbhneoir bisiúil seo mórchuid duaiseanna i gcomórtais liteartha an Oireachtais - ba é Mainchín Seoighe a mhol dó cur isteach ar na comórtais. D'éag sé ar an 8 Bealtaine 2002. 

ainm.ie/Bio.aspx?ID=16…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Mairéad Ní Chinnéide (1942-2015) Rugadh í ar an mBaile Meánach, Co. Aontroma ar an 15 Bealtaine 1942. Scríbhneoir géarchúiseach, eagarthóir tuisceanach, iriseoir meabhrach agus staraí ba ea í. ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…

Beatha na Seachtaine: Mairéad Ní Chinnéide (1942-2015)

Rugadh í ar an mBaile Meánach, Co. Aontroma ar an 15 Bealtaine 1942. Scríbhneoir géarchúiseach, eagarthóir tuisceanach, iriseoir meabhrach agus staraí ba ea í. 

ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Anraí Ó Baoighealláin (1911-2007) Rugadh é i nDroichead Átha in 1911. Chaith sé 33 bliain ag obair leis na Seirbhísí Gaeltachta, go háirithe leis na tionscail Ghaeltachta éagsúla. D'éag sé ar an 24 Bealtaine 2007. ainm.ie/Bio.aspx?ID=30…

Beatha na Seachtaine: Anraí Ó Baoighealláin (1911-2007)

Rugadh é i nDroichead Átha in 1911. Chaith sé 33 bliain ag obair leis na Seirbhísí Gaeltachta, go háirithe leis na tionscail Ghaeltachta éagsúla. D'éag sé ar an 24 Bealtaine 2007.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=30…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Seán Ó Súilleabháin (1882–1957) Ar oileán Inis Fearn Ard, Co. Chorcaí, a rugadh Seán ar an 31 Bealtaine 1882. Chuir sé cnuasach fairsing d'amhráin agus de dhánta Gaeilge le chéile agus é in Butte, Montana. ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…

Beatha na Seachtaine: Seán Ó Súilleabháin (1882–1957)

Ar oileán Inis Fearn Ard, Co. Chorcaí, a rugadh Seán ar an 31 Bealtaine 1882. Chuir sé cnuasach fairsing d'amhráin agus de dhánta Gaeilge le chéile agus é in Butte, Montana.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine seo: Mártan Ó Gacháin (1882–1959) Rugadh agus tógadh an múinteoir taistil seo i nGaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo. Chaith sé blianta fada ag cur na Gaeilge chun cinn i Ros Comáin agus i dTír Eoghain. D'éag sé ar an 7 Meitheamh 1959. ainm.ie/Bio.aspx?ID=30…

Beatha na Seachtaine seo: Mártan Ó Gacháin (1882–1959)

Rugadh agus tógadh an múinteoir taistil seo i nGaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo. Chaith sé blianta fada ag cur na Gaeilge chun cinn i Ros Comáin agus i dTír Eoghain. D'éag sé ar an 7 Meitheamh 1959.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=30…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Liam de Róiste (1882–1959) Rugadh é i mBaile Mhontáin, Co. Chorcaí i Meitheamh 1882. Bhí sé ina rúnaí ag Coláiste na Mumhan ó 1904 go 1936. Ba é Liam a d'oscail an tOireachtas in 1919 i gCorcaigh. ainm.ie/Bio.aspx?ID=249

Beatha na Seachtaine: Liam de Róiste (1882–1959)

Rugadh é i mBaile Mhontáin, Co. Chorcaí i Meitheamh 1882. Bhí sé ina rúnaí ag Coláiste na Mumhan ó 1904 go 1936. Ba é Liam a d'oscail an tOireachtas in 1919 i gCorcaigh.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=249
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Feardorcha Ó Colla (1942-2013) Rugadh an ceannródaí craoltóireachta raidió agus gníomhaire fuinniúil pobail seo i gCarraig an tSeascainn i nGaoth Dobhair ar an 16 Meitheamh 1942. ainm.ie/Bio.aspx?ID=30…

Beatha na Seachtaine: Feardorcha Ó Colla (1942-2013)

Rugadh an ceannródaí craoltóireachta raidió agus gníomhaire fuinniúil pobail seo i gCarraig an tSeascainn i nGaoth Dobhair ar an 16 Meitheamh 1942.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=30…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Muiris Ó Droighneáin (1901–1979) Rugadh é i mBaile Nua Sheandroma, Co. Chorcaí. Ba eisean a scríobh An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir (1966) agus Nua gach bia: a dictionary of culinary terms (1973). ainm.ie/Bio.aspx?ID=197

Beatha na Seachtaine: Muiris Ó Droighneáin (1901–1979)

Rugadh é i mBaile Nua Sheandroma, Co. Chorcaí. Ba eisean a scríobh An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir (1966) agus Nua gach bia: a dictionary of culinary terms (1973).

ainm.ie/Bio.aspx?ID=197
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Séamus Mac Géidigh (1961–2016) Chuir pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aithne ar Shéamus mar iriseoir agus mar thráchtaire spóirt le linn dó a bheith ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta. D'éag sé ar an 4 Iúil 2016. ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…

Beatha na Seachtaine: Séamus Mac Géidigh (1961–2016)

Chuir pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aithne ar Shéamus mar iriseoir agus mar thráchtaire spóirt le linn dó a bheith ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta. D'éag sé ar an 4 Iúil 2016.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=50…
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Diarmuid Mac Coitir (1880–1959) Is iomaí duais Oireachtais a bhuaigh an scéalaí cáiliúil seo a rugadh sna Curraithe, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. D'éag sé ar an 9 Iúil 1959. ainm.ie/Bio.aspx?ID=636

Beatha na Seachtaine: Diarmuid Mac Coitir (1880–1959)

Is iomaí duais Oireachtais a bhuaigh an scéalaí cáiliúil seo a rugadh sna Curraithe, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. D'éag sé ar an 9 Iúil 1959.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=636
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Liam de Noraidh (1888-1972) Rugadh Liam i gCill Uird, Co. Chorcaí in 1888. Bhailigh sé trí chéad píosa, idir amhráin agus ghiotaí ceoil, do Choimisiún Béaloideasa Éireann idir Bealtaine 1940 agus fómhar 1943. ainm.ie/Bio.aspx?ID=248

Beatha na Seachtaine: Liam de Noraidh (1888-1972)

Rugadh Liam i gCill Uird,  Co. Chorcaí in 1888. Bhailigh sé trí chéad píosa, idir amhráin agus ghiotaí ceoil, do Choimisiún Béaloideasa Éireann idir Bealtaine 1940 agus fómhar 1943.

ainm.ie/Bio.aspx?ID=248
Ainm.ie (@ainm_ie) 's Twitter Profile Photo

Beatha na Seachtaine: Seán Ó Duibheannaigh (1920–2013) Rugadh é i gCarraig an Choill, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall. Tá taifeadadh agus athscríbhinn ar Sheán ag insint scéalta le fáil sa saothar An áit a n-ólann an t-uan an bainne (2008). ainm.ie/Bio.aspx?ID=30…

Beatha na Seachtaine: Seán Ó Duibheannaigh (1920–2013)

Rugadh é i gCarraig an Choill, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall. Tá taifeadadh agus athscríbhinn ar Sheán ag insint scéalta le fáil sa saothar An áit a n-ólann an t-uan an bainne (2008).

ainm.ie/Bio.aspx?ID=30…