Brian Ó Fearraigh (@brianofearraigh) 's Twitter Profile
Brian Ó Fearraigh

@brianofearraigh

Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair ag machnamh 's ag meabhrú 's ag scaipeadh Soiscéal agus cibé smaointe fánacha eile a ritheann liom. Inis Bó Finne Abú!

ID: 967591104

calendar_today24-11-2012 08:12:49

4,4K Tweet

3,3K Followers

4,4K Following

RnaG Spórt (@sportrnag) 's Twitter Profile Photo

Beannacht Dé le tráchtaire spórt ár linne 🙏 🎙 Micheál Ó Muircheartaigh 🎙 1930 - 2024 Is cinnte nach mbeidh a leithéid ann arís Comhbhrón le Helena, lena chlann & a cháirde ar fad

Beannacht Dé le tráchtaire spórt ár linne 🙏

🎙 Micheál Ó Muircheartaigh 🎙
                  1930 - 2024

Is cinnte nach mbeidh a leithéid ann arís

Comhbhrón le Helena, lena chlann & a cháirde ar fad
Brian Ó Fearraigh (@brianofearraigh) 's Twitter Profile Photo

Oops! Caide atá déanta agam! 🙈 Ag déanamh iarracht Athnuachan Clárúcháin Teaching Council agus seo an méid a chuirtear romhat! Dála an scéil, tugadh le fios ag Comhchoiste na Gaeilge “.. go bhfuil an córas ar líne anois ar fáil go hiomlán i nGaeilge.” 🤔 🤷🏻‍♂️ Coimisinéir Teanga

Oops! Caide atá déanta agam! 🙈 Ag déanamh iarracht Athnuachan Clárúcháin <a href="/TeachingCouncil/">Teaching Council</a> agus seo an méid a chuirtear romhat! Dála an scéil, tugadh le fios ag Comhchoiste na Gaeilge “.. go bhfuil an córas ar líne anois ar fáil go hiomlán i nGaeilge.” 🤔 🤷🏻‍♂️ <a href="/ceartateanga/">Coimisinéir Teanga</a>
Manchán Magan (@manchanmagan) 's Twitter Profile Photo

DRISEOG Brambles (antibiotic properties) Leigheasanna Luibheanna ón bPortach (Herbal Remedies from the Bog) le Margaret Chití Ní Bhaoill ...in Irish with English translation

Brian Ó Fearraigh (@brianofearraigh) 's Twitter Profile Photo

Beannacht Lúnasa I Mí Lúnasa, bí linn, a Thiarna, Bí linn, a Thiarna. Mí Lúnasa, Mí na cruithneachta, Mí an fhómhair, Mí an arbhair, I Mí Lúnasa, bí linn, a Thiarna, Bí linn, a Thiarna. Áiméan 🙏 #InisBóFinne

Beannacht Lúnasa
I Mí Lúnasa, bí linn, a Thiarna,
Bí linn, a Thiarna.
Mí Lúnasa,
Mí na cruithneachta,
Mí an fhómhair,
Mí an arbhair,  
I Mí Lúnasa, bí linn, a Thiarna,
Bí linn, a Thiarna. Áiméan 🙏 #InisBóFinne
Brian Ó Fearraigh (@brianofearraigh) 's Twitter Profile Photo

Lá Fhéile Muire Mór san Fhómhar 1880 nuair a thráigh an tuile bhí cúigear báite; Niall Ó Dochartaigh,Machaire Chlochair, Conall Ó Baoill, Inis Meáin, Anraí Ó Gallchóir, Machaire Chlochair, Gráinne Nic Gairbheith An Charraic & Séamas Ó Fearraigh, Srath na Corcra, cléireach altóra.

Brian Ó Fearraigh (@brianofearraigh) 's Twitter Profile Photo

Nach iad na saighneáin atá lonrach anocht, agus an tSeisreach go geal ins an spéir ar Mhullach an Droim agus i dTaobh a Leithid #GaothDobhair 🤩 😍 ✨ #northernlights #Auroraborealis

Maith thu féin agus go raibh maith agat Mary Ionad Naomh Pádraig 👏 Is fíor go bhfuil soiléireacht agus cinnteacht láidir a gheobhail orainn, nach ngearrfar an tseirbhís riachtanach agus fíor thábhachtach seo idir Tír Chonaill agus Átha Cliath do othar le ailse!

Brian Ó Fearraigh (@brianofearraigh) 's Twitter Profile Photo

Ola ar an chroí go fíor #ÉigseRannNaFeirste Chuir Skara Brae an dlaoi mhullaigh ar chúrsaí lena gceolchoirm. Bánchnoic Éireann Ó - i ndilchuimhne orthu sin atá ar shiúl romhainn, Neilí Mhicí Hiúdaí, Mícheál Ó Domhnaill ‘s moll mór eile, fhad ‘s atá na hamhráin beo, maireann siad!

Brian Ó Fearraigh (@brianofearraigh) 's Twitter Profile Photo

Dealbh Chroí Rónaofa Íosa i bParóiste Ghaoth Dobhair. “A Chroí Ró-Naofa Íosa, molaimid Thú, Le láidreacht ár n-intinne 's le haoibhneas ár gcroí: Go moch ag ár n-obair 's go mall ag ár só, A Chroí dhílis mhilis, ná scar linn go deo.” ❤️‍🔥 #CroíRóNaofaÍosa #SacredHeartOfJesus

Beannachtaí na féile Pádraig ort féin agus ar do chuid daoine maithe muintreacha uilig atá sa bhaile ar fhód na hÉireann, ach go h-áirithe ar mhuintir na hÉireann atá i bhfad ó bhaile ar an lá seo, agus muid ag comóradh Féile Phádraig Naofa, Aspal Mór na hÉireann. 🙏 ☘️ 🇮🇪

Áine Ní Bhreisleáin (@aineeibhlin) 's Twitter Profile Photo

Alt an lae inniu Seachtain Irish Independent faoin fheachtas bailithe airgid do Theach Pobail Mhuire i nDoirí Beaga agus an obair atá ar siúl ar an láthair m.independent.ie/seachtain/3000…

Tuairisc (@tuairiscnuacht) 's Twitter Profile Photo

Súil ag sagart paróiste Ghaoth Dobhair go mbeidh teach pobail nua sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana via Tuairisc tuairisc.ie/suil-ag-sagart…

Súil ag sagart paróiste Ghaoth Dobhair go mbeidh teach pobail nua sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana via <a href="/tuairiscnuacht/">Tuairisc</a> tuairisc.ie/suil-ag-sagart…